No video

John Beag Ó Flatharta - Beáráilte

  Рет қаралды 23,056

AnFearGorm

AnFearGorm

Күн бұрын

Tá mé bearáilte Tigh Josie, tá mé bearáilte Tigh Sé,
Tá mé bearáilte Tigh an Táilliúra ó thráthnóna arú inné.
Tá mé bearáilte Tigh Hanley 's as Tigh Phlunkett Joe,
Níl aon phub sa taobh seo tíre a scaoilfidh isteach mé arís go deo.
Bhí mé oíche thiar Tigh Hanley tar éis dhom pionta a ól Tigh Lee,
Bhí an crowd againn ann le chéile 's muid sa gcúinne siúd inár suí.
Bhí na piontaí ‘s na leathchinn 's iad go flaithiúil ann le n-ól,
Ach níor airigh mise ariamh é go raibh mé tite istigh faoin stól.
Tháinig Réamonn 's chaith sé amach mé, fuair mé jaráil uaidh faoin stól,
Dúirt sé “Ná feicim thart thú anseo arís mar níl tú in ann é ól.”
Ó bhuail mé ar mo Honda, chuaigh mé amach Tigh Phlunkett Joe,
Ach ní scaoilfidís isteach mé agus ní scaoilfidh ná go deo.
Ó dúradh istigh Tigh Jack liom nach bhfaighinn uathu ach an ceann,
Ach a dhul amach Tigh Darby, go mbeadh neart le fáil agam ann,
Bhí mé ag staggeráil faoin am seo ag dul anonn agus anall,
Ach bhí Dermot 's é ag fanacht romham ansiúd ag binn an hall.
Chuaigh mé as sin go Réalt na Maidine agus d’ól mé pionta beer.
Agus chuimhnigh mé ar Josie agus staggeráil mé siar.
Nuair a leandáil mé ar an tairseach, bhí Josie 's é amuigh romham,
Agus dúirt liom a bheith ag glanadh go raibh na cosa ag lúbadh fúm.
Ó chuaigh mé ar mo Honda, fuair mé leathghloine Tigh Sé,
Fuair mé fuílleach óil Tigh an Táilliúra mar níor aithin siad ann mé.
Ó thosaigh cineál achrann, cuireadh dath dubh ar mo shúil,
Agus dhóirt mé pionta pórtair a raibh mé caillte inti le dúil.
Ní nach ionadh caitheadh amach mé, thug mé m’aghaidh ar an hotel.
Tháinig strainséara amach agus dúirt “You’re barred from here as well”.
Ó suas liom ar mo Honda, 's mé ag wobbleáil ar nós gé,
Ach bhí an squad ag stopadh carrannaí ag crosbhóthar Dhoire an Fhéich.
"What’s your name agus cé as thú? Anuas den Honda leat go beo,
Céard a tharlódh dá mbeadh crash agat, diabhal tada a cheanglódh tú go deo?"
Ó shín’ siad ‘am an bagín, 's dúirt liom “have a blow”.
Agus tháinig chuile chineál dath air á mbíonn le feiceáil sa rainbow.
Ó caitheadh isteach sa squad mé, caitheadh an Honda thar an gclaí,
Chas siad thart an squadcar 's ar Phat O Malley a thug sí a haghaidh.
As sin go dtí an Bheairic, áit ar ceistíodh mé go crua,
Ach mé cuimhne go deo agamsa ar Ray Lyons 's ar Steve Rua.
Tá mé suite anseo ag baile 's tá an Nollaig beagnach thart,
Tá mé ag mháinneáil ar nós madra 's mo theanga bheag amuigh le tart.
Ó beidh an fhéile seo sách uaigneach agam fhéin agus ag Cáit,
Níl goir agam dhul in aon áit tá mé bearáilte as chuile áit.

Пікірлер: 10
@christianpatriot125
@christianpatriot125 3 жыл бұрын
Tá an tír ar fad bearáilte ag Mícheál, Éamon agus Leo anois.
@MrBiorachanBeag
@MrBiorachanBeag Жыл бұрын
An-mhaith ar fad! :-)
@oisin1980
@oisin1980 Жыл бұрын
Garda Ray Lyons 🤣🤣🤣 we had that prick in our parish to for years😂😂😂
@Seoighe1993
@Seoighe1993 4 жыл бұрын
Legend Aisteach thusa
@Seoighe1993
@Seoighe1993 4 жыл бұрын
Pionta agus leath ghloine, sean saol
@anfeargorm797
@anfeargorm797 4 жыл бұрын
@@Seoighe1993 nádúr an duine
@Cailleach26
@Cailleach26 2 жыл бұрын
ar chum John Beag an t-amhrán seo?
@LiathMacha
@LiathMacha 3 жыл бұрын
Iontach! Carry Out uait a chara.
@Bainne
@Bainne 3 жыл бұрын
Ceann maith
@oisin1980
@oisin1980 Жыл бұрын
Garda Ray Lyons. Bhi an chunt sin aigne thiar i Maigh cuilinn freisin 🤣🤣
John Beag Ó Flatharta - Mé Féin is mo Mhéit
4:43
AnFearGorm
Рет қаралды 27 М.
THE BALLAD OF NEV AND MABEL - ERROL GRAY
2:55
errolgray gray
Рет қаралды 68
Underwater Challenge 😱
00:37
Topper Guild
Рет қаралды 39 МЛН
나랑 아빠가 아이스크림 먹을 때
00:15
진영민yeongmin
Рет қаралды 3,1 МЛН
а ты любишь париться?
00:41
KATYA KLON LIFE
Рет қаралды 3,6 МЛН
Eamonn MacDonncha -  ‘Clip on the ear’
6:19
Eamonn Macdonncha
Рет қаралды 303
Mo Mhéit ag Teacht Abhaile - John Beag
4:16
Brendan Sweeney
Рет қаралды 7 М.
Farewell Night in John O'Hare's Pub in Ballinrobe
24:00
TV IRELAND
Рет қаралды 10 М.
Caoineadh na dTrí Mhuire - John Joe Mac Con Iomaire
5:45
An t-Éireannach Aontaithe
Рет қаралды 6 М.
John Beag Ó Flatharta - Nazarene Song (Come Follow Me)
5:39
Eamonn MacDonncha
4:08
Eamonn Macdonncha
Рет қаралды 24 М.
Seoige Inis Bearachain - John Beag Ó Flatharta
4:23
tommymd6
Рет қаралды 34 М.
John Beag Ó Flatharta - Amhrán Ráth Cairn
5:10
AnFearGorm
Рет қаралды 18 М.
Mo Mheit ag teacht abhaile- Eamon Mac Donnacha
4:06
Connamara
Рет қаралды 5 М.
Underwater Challenge 😱
00:37
Topper Guild
Рет қаралды 39 МЛН